Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)

Suíomh:
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Támhais
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 129

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 129

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhthuama
  2. XML Leathanach 129
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Níl acht aon chéarda sa bparáiste seo...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Biodh na builg tuairm 5 troigh ar fad agus deir Pádraic go ndeantaí sa mbaile íad
    Na h-úirlisí : ord mór na ceardchadh, an inneóin damhach uisge; barraí iarainn. Sin é an méid a bhí aige. Ní raibh se ionann na h-úirlisí eile a thabhairt dom acht tá siad sa mBéal Beó.
    Obair an ghabha anois. Cuireann sé cruidhte fa chaipli miúilteacha agus asail. Cuireann sé deis ar chéachtaí ar chliathacha agus ar bhrácai. Déanann sé ancoiri agus lúba le haghaidh pota, croch agus crochadh.
    Njuair a bhí Hannroi Aodha an Ghabha i nDubh-Thuama leith-chéad bliadhan ó shoin dhéanadh láigheantai, sleántacha, tlutha, greidill, sluaistí pící féir, tuaghanna. Fiacla adhmaid a bhíodh ins na cliathacha i ndubh-thuama mar ní'l aca acht talamh gainnimh agus talamh portaigh.
    Obair fá an aer: Cuirtear fonnsai agus buin ar rothaibh cartach amuigh ar shráid na cheárdchach.
    Tá ardán déanta le clocha (C)
    [léaraid le 4 ciorcail lastigh dá
    chéile, A, B, C, D]
    BB: isleán atá ann le haghaidh bun an ritha a leigint sios ann. Cuirtear cairt mhóna annsoin ar D agus déantar teine bhreagh.
    Nuair a bhéas an bun téighte go maith leathnuigheann sé amach. Cuirtear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Mac Thámhais
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Mag Ghuibhir
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo