Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 123
- XML “Cúram na gCos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus bróga ísle, éadtroma ar feadh an tsamhraidh.
Bíonn cuid aca gan bróga ar feadh an tsamhraidh.Uisge na gcos
Ní chaithtear uisge na gcos amach san oidhche ar fhaithcios go mbuailfidhe na daoine maithe leis.Bróga
Tá Séamus Mac Eachmharcaigh, a mhac, Micheál, agus a dhearbhrathair ag déanamh bróg i nGaoth-Sáile.
Is beag duine a chaitheanns bróga an ghréasaidhe anois de brigh nach bhfuil siad chómh saor le bróga an tsiopa. Ba feilméire athair Shéamuis
Is mó i bhfad an tam a chaitheanns an greasáide a' deasú bróg nó dhá ndéanamh. Ní raibh gréasaidhthe nios flúirsighe fadó ná anois mar ní bhíodh bróga dhá chaitheamh ag daoine mar tá anois.Téarmaí
Páisde, taoibhín, toisighthe, bairibín (páiste beag ar bharr na bróige ar a bun)
"Tá cuinceacha ar mo bhróga" (mildew)
Tá giosgán ionnta (squeaking)
Barriall na bróige agus an t-uachtar dhá théarma eile.
Caithti bróga bun-admaid annseo seasga bliadhan ó shoin. As Sasana a thigeadh siad. Caitheann corr dhuine go fóill íad acht deir daoine go gcuireann siad cránraí orra.["Br]ógaí béal a' gheata" - Péire bróg le haghaidh Muinntir na Rátha a bhí ag geata i gCroc na Móna. Bhí casán ag teacht ó'n ráith treasna na bhfáltaí go dtí an bóthar mór.- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Eamonn Ó Conamhacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo