Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)

Suíomh:
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Támhais
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 118

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 118

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhthuama
  2. XML Leathanach 118
  3. XML “Garlaí na mBó”
  4. XML “Fuadach Ime”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dhá snaidhm. Teanntar an sreangán agus má sgaoileann an snaidhm tá leigheas le fághail ag an mbuin. Is minic a chonnaic mé gasúr ag déanamh snaidhm na bpéistí nuair nach mbeadh tada eile le déanamh aicí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí Caitlín Ní Mháille as Tír an Áir (in aice le Baile Fhiacháin) pósta i nDubh-Thuama. Thainig sí ag Hannroi O Gacháin an gabha (an fear atá luaidhte san amhran agam) agus dubhairt sí leis nach mbiodh greim ime aici dá mbeadh sí buaileadh ó mhaidin go h-oidhche. "Má tá tú annseo," arsa Hannroi roimh éirghe gréine déanfaidh mise crúdh dhuit a gheobhas an t-im ar ais. Ní mó duit an crú a chur ar bhun na cuinneóige roimh dul faoi do'n ghréin agus ní mór naoi bpuill a bheith sa crúdh. Gheall sí dá bhfághadh sí an t-im ar ais go ndiolfadh sí an cómhair leis. Bhí an t-am a sleamhnú thart agus ní bhfuair Hannroi aon im. Cadadh an bhean leis sgathmh in a dhiaidh sin. "An bhfuair tú an t-im?" arsa hAnnroi. "Ní raibh an oiread agam ariamh," arsa Caitlín. "Thóig chugam ar ais an crudh," arsa Hannroi go gcuirfidh mé poll eile ann agus béidh sé nios fearr." Nuair a fuair seisean an crúdh ní thiubhradh sé dí aríst é agus chaill sí an t-am aríst
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge