Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)

Suíomh:
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Támhais
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 113

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 113

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhthuama
  2. XML Leathanach 113
  3. XML “Féilí na Bliana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bheál a' Mhuithrid agus go dtí Tobar eile atá ar an toabh thiar de Fhód-Dubh (Tobar Naomh Deirble)

    Lá'l Mártain
    Marbhuigheann gach uile bhean tighe gé nó éan eile le onóir a thaisbeaint do'n Naomh

    Oidhche Nodlag
    Ar an 24 ádh lá a bhíonn sé. Bíonn tae árd in gach uile theach an oidhche sin agus cácaí, fatai, cacai milse in a bhfuil cuiríní agus rísíní, agus cácaí mine coirce fadó. Lá Nodlag ar an 25ádh lá. Céadaoin Nodlag Mhór na h-Éireann, i.e. an Céadaoin roimh lá Nodlag

    Domhnach Cincíse:-
    Bíonn naoi lá timcheall ama seo a dtugtar na "Treana" orra. Trí lá ag teacht, trí lá 'na neart, agus trí ag imtheacht. Shíl na daoine go mbiodh fior-droch-aimsear an tráth sin mar deirtear :-
    "Ní cóir na caoirigh a bhearradh go mbéidh na Treana thart"

    * * *

    Má bhí nósanna ag baint leis na féilte eile tá siad marbh anois.

    Tá cunntas fá Brat Bhrighde agus na nósanna agus na croisíní sgriobhtha cheana agam. Ní théidheann an taos óg thart le Brighideóg anois ag bailiú(?) pingineacha mar a dhéanaid i n-áiteacha eile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Mac Thámhais
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)