Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 111
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go dtí teach an phobail ag déanamh turais na gcros. Béidh plód daoine i teach an phobail ó mhaidin go hoidhche.
Oidhche Shamhna:Teidheann buachaillí thart ag tarraint cabaísde agus 'gá briseadh ar na bóithri nó gá bualadh in aghaidh doras na gcómhursan. Bíonn greann ann nuair a leigtear madadh fiochmhar amach in a ndiaidh. Is minic a thuiteanns duine aca isteach i lochán uisge nó i ndíg. Théidheadh na cailíní thart fadó ag tarraint cabaísde go bhfeicfeadh siad cé an cineál céile a gheobhadh siad. An cailín a tarrneóchadh crann cam geobhadh fear a mbeadh cosa cama air srl. Théidheadh na buachaillí ó theach go teach - trí theach i ndiaidh a chéile, agus blogam uisge in a mbéal, ag éisteacht ag an doras cúl go bhfeicfeadh siad cé an t-ainm a chluinfeadh siad. Dá gcluineadh sé Maíre, Aíne, Brighid nó aon ainm eile phósfadh sé chailín a mbeadh an t-ainm baistidhe sin uirri.Bíonn cnóanna agus ubhlaí ar diol ins na siopaí i gcómhair na h-oidhche sin acht sílim go bhfuil an t-aos óg ró-chrionna anois a bheith ag tumadh i mbáisín nó i dtubán uisge i ndiaidh ubhall nó ag iarraidh breith orra le n-a gcuid fiacal agus na hubhla ar shreangán crochta ar an rópa treasna. Chaitheadh an t-aos óg fadó Oidhche Samna go sultmar ag na cleasanna sin acht tá siad ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)