Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 108
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní híad na fir mhóra a bhaineanns an fóghmhar.Bhí Bean i nDubh-loch am amháin. Ba cúirsgín í. Bhí meitheal aici lá. Basgéad fatai a bhí aca mar dhinnéar agus im mar anlann. D'fág sí an mhias ime ar na fatai teó, leáigh sé agus ní raibhar ionann an t-im a chur ar na fatai leis an sgian. Stath an bhean ribe as a ceann, thum sí ins an im é agus leathnuigh sí an t-im ar na fatai leis an ribe. "Bhal, go deimhin is maith an plean é sin", arsa ceann de na fir léi.
"Thainic mé an rud d'á dhéanamh", ar sise mar Shí sí go raibh sé dáiríribh.
Ariamh ó shoin má mholtar duine atá ag déanamh rud eicínt agus má shíleann an duine atá mólta gur magadh é, déarfaidh sé: "Ó! thainig mé an rud d'á dhéanamh"."Is fearr é ná cloch", a deirtear nuair gheibhtear rud suarach.Ag imtheacht le mheabhar? ní bhíonn sé ádhamhail Amadáin Acla, Blacks Bhaile Chruaich, Stróinséirí iorruis 'na luighe ins an Lúith.Is iomda craiceann a chuireanns an óige dí.Más cam díreach an bhóthar 'sé an bóthar mór an aithgiorraAn rud a sgriobhanns an púca léigheann sé féin éChómh coinntineach le Muinntir Mhuinchille (Bhruíllí) Iorruis.Marbh le tae agus marbh gan é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)