Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 107
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fághann iarraidh iarraidh eileIs maith an fear Dia cuireann sé dias ar an ngeamharNá ceannuigh bó bhán agus ná bí gan bó bhánIs annamh seisg siarIs mairg a bheadh olc agus é bocht
Is minic a chuir beál na h-úaighe rud eicínt i mbéal na trúaighe
Is minic a bhíonns ciúin cionntachTeach na sop sáidhte agus garrda dearc ? amuigh
Mar bhfuil teine agat fheín déan do ghoradh leis an ngréin
Ciall agus foighid an dá rud is fearr a bhí ag duine ariamh
Is fearr an tsláinte ná na táinteBíonn an aithrighe mhall contabhairteachBíonn an t-ádh ar an bhfear a bhíonns ag ólSiubhal an chait ag an bpuisínIs fearr an troid ná an t-uaigneas
Fághann ciaróg ciaróg eile (nuair a bhithear ag faghaíl locht ar fear atá dul a pósadh)
Ná cuir do ladar i meadar gan suathadh
Ná caith an t-uisge salach amach go mbidh an t-uisge glan istigh agat
Caidir an coimhthigheach acht ná taobhaigh éFear na bó san abarFear na h-aon bhó fear gan aon bhóIn aimsir an ghéibhinn féachtar an fhior-charaid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)