Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 095
- XML “An Ceantar - Ráith”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)talamh ag ceathrar tionóntaidhe.
As Tulachán Bán a chuaidh Muinntear Eachmharcaigh[?], is mac le Gárda Cósta Mánus Mac Caogáin. Tá clann le fear de Mhuinntear Cheallacháin ann acht is anuas ó Bhaile Fhiacháin a thainig sé. Ba le n-a mhnaoi an gabhaltas.Tuilleadh eolais
Na Sean-daoine. Tá 70 sean-daoine os cionn 70 bl. sa gceanntar. Tá gaedhilg agus béarla aca agus is féidir le Micheal O Grudaigh, Dubh-Thuama, Béal an Átha, Seán O Muinchille, Dubh-Thuama, Pádhraic Mag Guibhir sgéalta agus amhráin a aithris.
D'imthigheadh beirt nó triúr as gach aon teach, nó gur cuireadh stad leis an imirce, go Aimeiriceá
Tá an t-ainm luaidhte san amhrán gurab ainm dó "Roinnt an leasa" atá sgriobhtha cheana agam.
Aibhneacha: abhainn amháin - An Abhainn Mhór atá ann.
agus Lochanna: Níl ann acht loch an Droma Mhóir
Coillte: Bhí na portaigh lionta le coillte fadó mar Tá na freamacha le feiceál fos. Ar an gcladach an taobh amuigh de'n turlann tá fréamhacha móra crainn ag cruthu go raibh coill fadó san áit a bhfuil an fhairrge anois. Tá lorg iomairí amuigh ar an tráigh agus i gcuimhne na ndaoine bhí cúpla teach san áit a bhfuil gainneamh agus sáile fá láthair.- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Mac Guibhir
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo