Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)

Suíomh:
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Támhais

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Ceantar Seo

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 089

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Ainm: Dubh-Thuama

Bailte: Tulachán Bán, Cnoc na Móna, Ceann Ramhar, Bun a' Phollaigh, An Ráith
Parraíste: Cill tSéadna
Barúntachth: Iorrus nó Iar-Ros

Fáth na n-Ainmneacha

Dubh- Thuama
Níl sé seo ceart. Is é Dúthaigh-Thuama no Dumha Thuama an ceart. Tá Dúthaigh Bhingim, Duthaigh Ceartar, Dúthaigh Raghallaigh againn annseo agus is é Dúthaigh-Thuama an tainm ceart nó ceanntar an Tuama mar tá lisín ins an aít.

Tulachán Bán
Tá an baile seo ar árdán agus Talamh gainnimhe san aít.

Cnoc na Móna
Tá sé ar bharr cnuic agus bhí go leor talamh portaigh ann fadó acht tá na portaigh caithte anois.

Ceann Ramhar
Seo ceann árd agus cuma chruinn air ag síneadh amach i gcuan an Fhód-Duibh.

Bun a' Phollaigh
Pollach i.e. talamh an-íseal.

An Ráith
Tá sean-ráith an toabh thiar de are a dtugtar an "Cnocán Mór".

Cill tSéadna
Tá sean-chill idir Gaoth-Saíle agus Beannchor Iorruis a thóg sagart a b'ainm dó Séadna

Na Tighthe
Tá 47 tighthe i dTulachán Bán, tá timcheall 30 san Ráith an uimhir chéudna i gCnoc na Móna, 36 i nDubh-Thuama

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Micheál Mac Thámhais
Inscne
fireann
Faisnéiseoir
Micheál Ó Conamhacháin
Gaol
ní fios
Inscne
fireann
Seoladh
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge
Suíomh
Dumha Thuama