Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 088
- XML “Willie an Gabha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)h-ifreann, thug sé buille do'n doras agus cé thainig go stí an doras acht an diabhal a bhí san sparán aige. "Ní leigfidh mise isteach thú. Gabh suas ins na flaithis". "Bhí mé ann acht ní leigfeadh siad isteach mé". Dhún an diabhal an doras agus b'éigin dó a dhul suas cun flaithis aríst. Thug sé buille do'n doras agus thainic an t-aingeal ceudna chuige. "Cá bhfuil tú dul arist" ars an t-aingeal. "Nár dhubhairt mé cheana leat nach leigfinn isteach annseo thú". Bhí mé thios ag doras ifrinn", agus ní leigfeadh siad isteach mé. Tá an oidhche ag teacht anois agus ní'l a fhios agam cé rachaidh me" Bheárfaidh mé coinneall duit agus annsoin béidh solus agat i dtólamh". Thug sé an choinneall do Willie bocht agus bhí ag imtheacht roimhe go ndeachaidh sé isteach i bportach. Chuaidh sé amugha san bportach agus tá sé ar seachrán ariamh ó shoin agus sin é an solus a fheicimid san bportach san a dtugtar Willie of the Wisp air.
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Muinchille
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo