Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 079
- XML “Seanscéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí buachaill ann fadó agus ní dhearnaidh sé aon obair go raibh sé bliadhain i's fiche. Lá amháin dubhairt sé le n-a mháthair go raibh sé in am aige rud eicínt a dheanamh dhí. Chuaidh sé amach ar thóir oibre. Casadh fear leis agud diarr sé air a raibh obair le déanamh aige. Dubhairt sé go raibh. Chuaidh sé leis an fear agus sé an margadh a rinneadar an chéad duine a geobhadh tuirseach de'n duine eile to dtiiubhradh (sé) an duine eile trí bhuille dhó agus go gcuirfeadh sé abhaile é.
An chéad lá chuaidh an fear go dtí an t-aonach. Sul ar imthigh sé dubhairt sé leis an mbuachaill go raibh ochtmódh cruach coirce san ngáirdín agus leath an mhéid sin a bheith buailte aige nuair a phillfeadh sé. Dubhairt sé go raibh súiste san sgioból agus é a thógáil. Chuaidh an buachaill go dtí an sgioból, dhearc sé ar an súiste agus shíl sé gur cipín a bhí ann. Chuaidh sé amach agus bhí crann ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Mhuinchille
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Muinchille
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo