Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 072
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)In aon cheann de na seacht gcinn peacadh marbhtha
Uair na grásta go raibh uair mo bháis agam. Mallacht
Bás bíge ar bhar píce dhuit. Paidir an Scabhaill
A lucht na Scaball ná failligidh sa gcás
Is truagh an rud duine gan a charaid
Agus é ar leabaidh a bháis
A dhuine dhona ná déan bréag le Muire
Ná hith feóil Céadaoin, ná héagcaoin do thinneas
Umhlaidh sios do'n cléirce agus do na cúig féiltí Muire
Déan d'faoisdin le Mac Dé
Agus béidh tú ar féasta ag na leinbh
i ngaírdín Phárais Tá an Paidrín páirteach
Ag moladh na mná a bhí ariamh gan locht
A Íosa mhilis, a rí na ngrásta -
Go bhfóiridh Tú ar m'anam bocht
D'éirigh an Mhaighdean agua a haon-mhac amach sa lá
Casadh an t-aingeal dóbhtha
Chuir sé scaball faoi n-a throillsí óir
Ní'l aoinne a déarfas an phaidir seo uair sa lá
Nach bhfeidfidh an Mhaighdean ghlóramhail
Trí huaire roimh a bhás
Buailfidh sí séala spioradáilte in a anam
Nach sgarfaidh leis go bráthach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Sheáin Uí Ghacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 74
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo