Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 063
- XML “An tAmhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
An tAmhrán (ar lean)
“Nach moch ar maidin leis an lá bán”
(ar lean ón leathanach roimhe)bhéarfadh sí ól do na céadtaibh
Agus féasta ró-mhaith le caitheamh
Nach é Meireacá an talamh aibhinn
A deachaidh Seán ann is M'leachlainn
Tá ór garbh buidhe ann agus Green Banks go fairsing,
I's go bhfuil ól ag na céadthaibh ann
Á'm (ó'n) Dómhnach seo chuaidh tharainn
(Sé Sin an Dómhnach a ndeachaidh síad i dtír)
Ní raibh Antoine acht ag iarraidh a bheith ag cuimhniú ar an amhrán. Ní ró-mhaith a d'éirigh sé leis do réir cosamlachta.Mleachlainn Crosach Ó Gacháin a chum an tamhrán sin thuas. Chómhnuigh sé i gCeann Ramhar timcheall céad bliadhan ó shoin. Bhí sé déanamh poitín. Agus b'éigin dó na bogaidh a thógáil air fein agus an (na) revenue na dhiaidh. Bhí Seán Mac Dhonnchadha (a' Conach) leis go Meireacá. Ba uncal é do Sheán a'Conach atá beó i nGaoth-Sáile go fóill agus atá anois céad bliadhan de Aois.
Tá sé céad bliadhan ó cumadh an tamhrán i dtoiseach.- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Antoine Ó Muinchille
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Ceann Ramhar, Co. Mhaigh Eo