Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 061
- XML “An Mhuc Mhara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Amhrán ó : Pádhraic Mag Dhuibhir, Dubh-Thuama
Nuair a chualaidh an Mhuc Mhara a bhí ag Ceann Léim' na Gaillimhe
Gur marbhuigheadh a céile ag Cuan an Fhód-Duibh,
Chroc sí a ruball i's a h-eite gá stiúradh
Go dtainig sí an lá sin go light-house a'Toir.
Bhí sí cur faírneis le iasgairí na háite
Cé rinne an t-ár na cé dhóirt an fhuil
I's gur le ord mór na ceárdchadh ag bun Srothán na Rátha
A mharbhuigh hannroi Aoidh Bhaín í ar maidin indiú
Horraot a Hannraoi, ba dona é do thealg (Seilg?)
A mharbhuigh mo cheile i's í ag cárnadh sa t-sroth
Is gur soir go Cúl Láibe bhí a ghluasacht an lá sin
Nuair a chualaidh sí an ola a bheith ag bean Eamuinn Dhuibh
Light-house an Toir - Blackrock light-house* * *
Mleachlainn an Gabha (O Gachaín) a chum an giota sin thuas ag magadh fa n-a athair a fuair muc Mhara marbh ar an tráigh. Nuair a chualaidh an t-athair faoi lean sé an mac leis an ord mór. B'éigin do'n mac teicheadh go deirbhsiúr leis a bhí 'na cómhnuidhe san Taobh istigh in aice leis an nGeata Mór.- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Mag Dhuibhir
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo