Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 060
- XML “Tomás Ó Fianáigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dhéanfadh sé gach seóide, crann agra agus seólta
Chuirfeadh tip ar spóla agus d'fighfeadh piosa thall (nó sháil)
Táilliúr daoine móra é, cuirim san recórd é
Dhéanfadh Jock i's clóca a bheadh i bhfaisiún Bhéal an Átha.Dheamhan sin óig-bhean a shuidhfeadh ag ól leis
A dheaidí ca bhfuighimid bólacht
Nó an mar seo a bhéas muid choidhche
Sé mó léan 's mo chásadh cráidhte nach bhfuil mé i n-aois mo phósta
agus Shiubailfinn tír Fódhla leat-sa a Thomáis (uí) Fhíanaigh.Séamus Ó Domhnaill, Ceathramhadh Thaidhg, Béal an Átha, a chum an tamhrán seo ag moladh a chliamhain, Tomás Ó Fíanaigh, a bhí ag dul a pósadh. Nuair a chualaidh an cailín, oidhche an chleamhnais é, shíl sí go mba breagh an fear Tomás agus phós sí é.- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Scanaill
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Siopadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo