Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)'S nach aoibhinn é a árus i ngrásta phárrthaisAr dheis-láimh an áird-riogh go hárd 'na shuidheI gcómhluadar aingle tá go siorruidhe ag fáiltiúAg seinm sálms de lá i's de oichche (idh)Tá an mhaighdean bheannuighthe go siorruidhe ag áirdeall'S frighdiú (fríd) an gháire in a gnéTá Naomh Mártan, Colm 's Naomh PádhraicAg tógailt faírneis leis ar chlannaibh Gaedheal
* * *
Mártan Mac Cathmhaol, an maíghistear scoile a bhí san scoil seo 45 bl. ó shoin, a chum an t-amhrán seo. Ba caraid mhaith dó an t-Athair Pádhraic O Maol-Eóin, agus ba mhór an brón agus an briseadh croidhe a bhí ar Mhártan in a dhiaidh.Fuair an t-Athair Pádhraic bás timcheall seasga bliadhan ó shoin. Fuair Pádhraic O Maol-Eóin bás i mBéal an Átha deich mbliadhna ó shoin. Ba mac dearbhrathar an Athar Pádhraic é.Bhí Mártan féin 92 bl. nuair a fuair se bás sa mbliadhain 1924.Tá fonn go hiongantach binn brónach leis an amhrán.- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Sorcha Bean Uí Ghamhnáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 38
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo