School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Séard dubhairt an sean-laoch go buaidheartha sáruightheCéárd a dhéanfaimuid i mbárach do dhioghbháil cios'?Tiocfaidh an Sirriam 'sa chómlucht laídir,Maorai i's báillí i's gan pighinn le n-íoc!D'freagair a chéile, i's í gol go cráidhteDá maireadh an t-Athair Pádhraic bheadh againn fuidheallSé nach leigfeadh canndaíl bó na bpáistíGan fhios cé'n t-adhbhar le cúrsaí an dlighe
* * *
Is nach cruaidh an cás é ar theacht Dómhnach CásgaÁr sagart breagh a bheith sínte i gcréIn áit míniú an tsoisgeíl, 's ag léigheamh na páise'S a Dia! Cé'n náir dhúinn bheith gol 'na dhéidh.Acht a Rí na nGrásta, a thuig an cás seoI's a d'fulaing an phaís ar son Siol Éabh,Tabhair suaimhneas siorruidhe do'n Athair PádhraicIn do rioghacht áluinn le Saoghal na Saoghal
* * *
Cé bhfuigheamuid tréadaidhe mar cheann na céilleAcht faraoir géar, ní'l sé duinn i ndán!Ní'l sé i n-Eírinn, sa bhFrainnc ná i nÉigiptNá thart fré chéile ins an nGearmaín.Acht ó thárla imthighthe é i's nach bhfuil gar d'á éagcaoin'S go bhfuil sé éagtha i gcónra claírCuirim mo mhíle beannacht leis go rioghacht an aon-mhicLe bheith in árd-réalta roimh clannaibh Fáil(continues on next page)- Collector
- Micheál Mac Thámhais
- Gender
- Male
- Informant
- Sorcha Bean Uí Ghamhnáin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 38
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo