Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)

Suíomh:
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Támhais

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An tAmhrán - An tAthair Pádraig Ó Maoileoin

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 055

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

An t-Athair Pádhraic O Maol-Eoín


Nach mé atá sáruighthe faoi lionndubh báidhte
Mo chreach ar lár 's mé ag silt na ndeor
Ó dtimthigh an t-Árd-Fhlaith an t-athair Pádhraic
D'fág an fán orainn i's ár gcroidhe faoi bhrón.
Ba mhaith an caraid é in aimsir gábhaidh,
Ag déanamh spáird le ceart 's le cóir
In aghaidh gach namhad a thigeadh thar sáile
Ar Inis Faíl nó ar theampall Róimh

Nuair a scaip an sgéalta ar fud na h-Eíreann
Choisg na h-éanlaith ó bheith ag seinm cheoil
Stop na sruthanna, 's gach barra ag pléasgadh
Le brugh(adh) ró-eigciallta 's le tuaim ró-mhór
Tháinig critheagla ar na réaltaibh
'S bhí an ghrian mar an gcéadna ag dul faoi cheo
Bhí cuma uathbhásach ar fud na h-Eíreann
Ar gach cadhan aonraic, sean i's óg

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Micheál Mac Thámhais
Inscne
fireann
Faisnéiseoir
Sorcha Bean Uí Ghamhnáin
Gaol
ní fios
Inscne
baineann
Aois
38
Gairm bheatha
múinteoir
Seoladh
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge