Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)

Suíomh:
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Támhais

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Drochshaol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 049

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Ins an droch-saoghal bhí bean ag dul thart ag iarraidh déirce. Tháinic sí isteac i dteach ar an mbáile seó agus d'iarr sí déirce. D'iarr bean an tíghe uirrí céard a bhí ag teastáil uití agus dubhairt sí go dtógfhadh sí rud ar bith. Thug an bean siúcra di'th. Annsin rinnes sí tae agus d'ól sí an tae dubh gan bainne gan siúcra agus dubhairt sí leis an bean "Is fada an lá ó chonnaic mé bean a raibh neart báinne aicí dhá clann féin gán a bheith ag tabairt aon bhraon do éinne eile.

Bhí bean eile ag dul thart ag iarraidh déirce d'arbh ainm Róise Mac Aindriú. Tháinic sí isteach i dteach ar an mbaile seó lá agus dubhairt sí lé bean an tíghe go bhfánfhadh sí aicí lá ag sgáradh móna dá dtugadh sí bídh lé n'ithe dhith. Thug an bean neart bídh lé nithe dhít agus d'fhán sí aicí lá. D'innis sí do'n mnaoí go raibh beirt pháistí aicí - buachaill agus cáilín agus go bhfuaireadar bás lé ocras.

Bailitheoir
Máire Ní Gácháin
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Eibhlín Bean Uí Gácháin
Gaol
ní fios
Inscne
baineann
Aois
38
Seoladh
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge