Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)

Suíomh:
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Támhais

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Na Ráthanna

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 044

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Anna Bean Uí Mhaol Amhlaidh, An Ráith


Tá trí ráthanna annseo acht ní raíth a tugtar orra acht cnocán. Tá ceann aca míle ó'n scoil ar an taobh thiar de bhaile na Raíthe in aice Cuan an Fhód-Duibh agus "Cnocán a tugtar air anois cé gur uaithe is dóigh a h-ainmnigheadh baile na Raíthe.
Tá cnocán eile thios sa bportach i mBun a' Phollaigh, ceathramhadh míle ó'n scoil, agus tá ceann eile i gCeann Ramhar, míle go leith siar ó'n scoil ar thaobh na h-aille.
Tá na trí cinn aca in n-amharc a chéile.
Cnoc beag atá ar an raíth agus cnocán ar a bharr. Ní'l claidhe nó balla thart timcheall air acht ta cloch mhór fheiceálach i gcoirnéal de. Deirtear go bhfuil seacht ndoirsi ar an raíth seo, gur minic a facthas bó ag teacht amach ar féarach agus ag dul isteach innti aríst. Má bhaintear sgaobh cré le sluasad as an gcnocán go mbeidh dath na fola ar an gcré.
"An cnocán mor" atá mar ainm ar an raíth atá i mBun a Phollaigh.
Chreid na daoine fadó go ndeachaidh na Tuatha Dé Danann isteach ins na cnuic agus creideann siad annseo

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Micheál Mac Thámhais
Inscne
fireann
Faisnéiseoir
Anna Bean Uí Mhaol Amhlaidh
Gaol
ní fios
Inscne
baineann
Aois
68
Seoladh
An Ráith, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge