Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 028
- XML “An Scoil Náisiúnta”
- XML “An Pósadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)A Thuarastal: 24 punt san mbliadhain agus sgilling gach ráithe ó gach dalta, acht ní airgead a gheobhadh sé acht fataí nó rud eicínt eile. Gheobhadh Tadhg O Catháin agus Éamonn Bairéad sgilling gach ráithe ó ghach scolaíre.
- An bainfheis. Bíonn bainfheis annseo go fóill acht is annamh a bhíonns bainfheis mhór aca anois. Roimhe seo bhíodh an bhainfheis i dteach an chailín acht annseo anois bíonn sé i dteach an fhir acht ní bhíonn bláth nó slacht ar a leithide de bainfhéis.
Nuair a bhíonns bainfheis dóigheamhail ag daoine bíonn go leor gluaisteán aca, póstar go luath sa lá íad agus téidheann annsoin go háit dheas eicínt le sgathamh de'n lá a chaitheamh ann. Filleann síad un thráthnóna, bíonn dinnéar maith aca agus ól. Caitheann an t-aos óg an oidhche ag damhsadh agus na sean-daoine ag gabháil amhrán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Nic Thámhais
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo