Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 027
- XML “An Scoil Náisiúnta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thadg O Cathain. Do mhúineadh sise an teagasg Críostaidhe i mbéarla. Bhí meas mór aige ar an ngaedhilg agus nior labhair sé mórán ariamh leis na daoine acht gaedhilg, acht ní raibh aon mheas ag na daoine ar an teangaidh agus is minic a thigeadh siad chuige ag rádh gan a leigint do na malraigh a bheith labhairt Gaedhilge. Caithfeadh sé go raibh meas ag an gcléir ar an teangaidh chomh maith nó ní bheadh sé ag múineadh an teagasg Críostaidhe Gaedhilge.
Leabhra agus Peanna: Bhíodh leabhraí beárla aca san teach fóid agus san sgioból. Bhíodh leabhraí beárla, leabhrai uimhiridheacht (Fosters), cruinneólas (Sullivan's) gramadacht (Sulivan's) aca san scoil náisiúnta; peann cleite a bhíodh aca agus is é an múinteóir a dhéanadh. An múinteoír a sgriobhadh an barrlíne ar gach uile chóipleabhar. Chaitheadh sé mar sin cuid mhór dá am ag déanamh na bpeann agus ag sgríobhadh na mbarr-líntí. Chaitheadh na daltaí an chuid is mó de am na scoile ag sgríobhadh an bharr-líne agus bhreagh íad ag an bpeannaidheacht acht nior chleachtaigh síad ceapadóireacht.Ba mhaith an t-amránaidhe Mac uí Chathmhaoil i mbéárla agus i ngaedhilg acht níor mhúin sé aon amhránaidheacht san scoil.
Meas na ndaoine air: Dubhairt na sean-daoine go mion agus go minic nach mbeidh aon múinteóir i nDuthaigh Tuama go bráthach chomh maith leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Chonnamhacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo