Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 020
- XML “Daoine Cáiliúla Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)shroicheadar Béal an Átha go moch, timcheall sé a chlog ar maidin. Bhí an long a bhí ag dul go Sasana imthighthe. Bhuail siad an bóthar go Sligeach agus shrocheadar Sligeach an tráthnóna ceudna.
Tá Sligeach 70 míle as seo.Páidín Dick.
Fuair fear a b'aimn dó Páidín Ó Gacháin bás annseo 50 bliadhan ó shoin. "Páidín Dick" a bhí mar leas-ainm air. Bhí neart triúir ann. Thugadh sé trí chéad meadhachain i mbairille ar a dhruim mhíle de'n bhóthar. Bhíodh sé troid i gcomhnuidhe, mar bhí sé déanta uirri, mar deireadh sé féin.An Muinchilleach Mór
Bhí fear in a chómhnuidhe i mbun a Phollaigh, Dubh-Thuama a fuair bás deich mbliadhna fichead ó shoin. Bhí sé dul go Sasana, bhí an long imthighthe nuair a shroich se Sligeach agus thaing sé arais abhaile agus shroich sé a bhaile féin tráthnóna lá'r na bhárach. Shiubhail sé mar sin gan stad nó chomhnuidhe 140 míle i ndá lá. Tá sé i mbéal na ndaoine sa gceanntar seo go ndearnaidh sé an t-aistear seo agus deir Micheál Ó Connamhacháin ar an mbaile seo go bhfaca sé féin é ag dul siar an cladach abaile ag pilleadh dhó.- Bailitheoir
- Brighid Nic Thámhais
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Brian Ó Gamhnáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tulachán Bán, Co. Mhaigh Eo