Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 010
- XML “Ciste Óir i bhFalach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear in-a chómhnuidhe i nDubh-Loch am amháin agus tugadh hAnnraoí Ó Máille mar ainm air. Tháinic neach aige agus d'innis sé dó go raibh ciste óir i dteampall chill-Théine. (Cill tSéadna)
D'imthigh h-Annraoí ar siubhal oidhche agus bhuail air, ag an áit a raibh an ciste, bhí chlár os cionn an chiste, agus rinne sé torann chomh-mhór is gur shíl sé go gcluinfhí ins an domhain shoir é agus níor bhfada in a dhiaidh sin go dtáinic éan os a chionn agus leag a dhá sgiothán ar dhá bhinn an teampaill agus bháin sé anc na spéire dhe agus sgannruigh an fear.
D'imthigh h-Annraoi abhaile. Ar a bhealach abhaile tháinic beithidheach capaill roimhe agus buaithrín air agus bhuail ar a dhá shlinneán le'n a dhá chois tosuigh. Chuaidh sé abhaile agus níor mhair sé bliadhain in a dhiaidh sin go bhfuair sé bás.- Bailitheoir
- Máire Ní Ghácháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Miceál Ó Connmhacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tulachán Bán, Co. Mhaigh Eo