Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)

Suíomh:
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Támhais
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhthuama
  2. XML Leathanach 008
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aon oidhche amháin timpeall na bliadhna 1898. Bhí scata de na comharsana ar a gcuairt i dteach m-athar agus in a measg bhí fear greanmhar a b'ainm dó Seán Mac Grioghair. Bhí mach Fírín bhig, a mbhiodh ná comharsana ag magadh faoí ann. Martán Mac Ghualraic a bhí mar ainm ar an bhfírín. Bhí droch-fhataí ann an bhliadhain sin agus bhíodar ag cainnt agus ag cómhrádh ar an droch-shaoghal. Dubhairt Seán Mac Grioghair go mbá chóir agairt[?] a chur ag an bhfear Ionaid ag iarraidh cabhrach air agus go gcuireadh siad ann go bhfuair siad Mártan Mac (a') Gualraich amuigh faoí chránn cabáiste insan ngarrdha agús é, ghá ithe. Leig gach uile dhuine a bhí i láthair sgáirt gáire. Bhí Seán an t'ám chéadhna ag cur deis ar a bhróg. Léim an cásúr de'n chois agus thuit sé ar mhéis mhóir a bhí ar an mbhord agus bháin sé scealp aistí. "Bhfuil sé briste"? arsa Seán. "Níl", arsa mó mháthair. Leig siad sgáirt gáire arís, acht níor chuidigh mo mháthair leó an uair seó. Tá Seán agus mo mháthair marbh anois, go dhéanaidh Dia grásta orra.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Saidhbhín Ní Ghacháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Miceál Mac Thámhais
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo