Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)

Suíomh:
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Támhais

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéal Grinn

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Ainm an duine a bhfuaireas an sgéal uaidh:
Séan Ó Ghácháin
Seoladh: Dubh-Thuama, Gaoth-Sáile, Béal an Átha.
A aois: timcheall 80 bliathan
A Shlighe Bheatha- feirméoracht agus iasgaireacht
Cár tógadh é- feach an seóladh thuas
Dáta ar scríobhadh an sgéal: 27-12-37
Ainm an duine a sgríobh annseo é- Bríghid Ní h-Oistín

Sghéal Grinn
Bhí triur fear i nDubh-loch aon uair amháin agus ní raibh focal ar bith béarla aci. Lá amháin dubhairt an fear ba sine aci go bfóghlaimeóchadh sé béarla. An lá in a dhiadh sin chuaidh sé ar sgoil agus d’fhóghlaim sé dhá fhocal We Three. Nuair a bhí sé ag teacht abahile rith an bheirt eile amach agus diarr siad air ar fhóghlaim sé aon béarla. Dubhairt sé gur fhóghlaim sé dhá fhocal “We Three”. An lá in a dhaidh sin chuaidh an dhara fear ar sgoil agus d’fhóghlaim sé “for the want of money”. An triomhadh lá cuaidh an triomhadh fear ar sgoil agus d’fhóghlaim sé “all right”. Annsin dubhairt siad go raibh a shaith béarla aici agus go raibh siad indhon dul isteach go Béal a Mhuithrid agus fuair siad isteas obair annsin. Lá amháin bhí siad ag teacht abháile o’n a obair. Nuair a bhí siad ag teacht abhaile chonnaic siad fear mar bar an mbothar. Thainig na gárdaí agus bhí na trí fir annsin. “Who killed the man”? arsan gárda. “We three” arsan chéad fhear. “Why”, arsan garda.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Brighid Ní hOistín
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Seán Ó Gácháin
Gaol
ní fios
Inscne
fireann
Aois
80
Seoladh
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge