Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 556
- XML “Oighre na Coille Glaise”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus chaith mé amach é lé mo ghablóig bhig agus bhí an stábla chómh glan lé pálás. Bhí gach duine sgannruighth[e] nuair chonnaic siad é seo. Annsin chaith sí amach [gráin] eile agus rith an chearc cuige acht fuair an coillea[ch í agus] dubhairt an chearc leis ar chuimhnigh sé ar an [lá] ar chuir a athair é ag toruigheacht an fháinne sa[n?] lochán agus chuile braon uisge a caitheamh sé ama[ch] buailte isteach id aghaidh aríst é agus nuair táini[g] mise agus chaith amach braon lé cupáin bhig ag[...] ar iompodh boise agus fuair mé an fháinne d[uit?] Annsin chaith sí amach gráin eile agus rith a[n] chearc chun é fhághail acht rug an choilleac [air?] agus bhain sé an gráin dí. Sheas an chearc su[as] agus dubhairt sí "an cuimhne leat an lá a chu[ir] mo athair tú ag tarraingt an chrainn gur bu[ail] gach géag go talamh thú agus tháinic mise am[ach] agus chuir mé snáth síoda air si gur tharraing m[é] duit agus anois tá tú ag iarraidh an gréim a [bhaint] díom "Á" nach tú an coilleachín gránna." Bhí m[ac] an rí ag eisteacht leis an méid sin agu[s] chuaidh se go dtí a athair agus d'innis sé an s[céal] ó thuas go deireadh ó'n lá a d'fág sé pálás [a](leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mártan Ó Chiaragáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ciaragáin
- Inscne
- Fireann