Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 525
- XML “Oighre na Coille Glaise”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhiaidh go bhfeichfeadh sé an raibh tada ag tigheacht. Dhearc agus dubhairt sé nach raibh. Tamall in dhiaid sin dubhairt sí leis dearcadh in a dhiaid go bhfeicfeadh sé ar raibh tada ag tigheacht agus dubhairt sé nach raibh. Tamall in a dhiaidh sin dubhairt sí leis dearcadh in a dhiaidh go bhfeicfeadh sé an raibh tada ag tigheact. Dhearc agus dubhairt go bhfeaca se mótair mór dubh ag teacht san aer. "Anois", ar sise, "sin é m'athair ag teacht agus chruthuigh tú bheith i do ghaisgidheach no muna cruthuigh bathfhaidh sé sinn Sheas lé hais stiúir an bháid agus déan mar dubhairt mé leat." Nuair tháinig an t-athair go dtí an bád chaith sé an claidheamh leis agus mharbhuigh sé é agus thuit sé féin agus an claidheamh isteach san bhfairrge agus chuir sé sin deireadh lé Oighre na Choille Glaise Seól siad leo annsin go h-anamnúil curamach gur bhuail siad cuan agus calaidh faoi theach an sean-fhir a thug an bád dhó. Bhí fáilte mór ag an sean-fhear roimhe go mór-mhór nuair chonnaic sé an bhean bhréagh abhí aige agus dubhairt nach raibh bean in Éirinn bhí chómh breágh léi. Chaith siad an oidhche sin go siamsamhail agus ar maidin lá ar na bhárach bhuail(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mártan Ó Chiaragáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ciaragáin
- Inscne
- Fireann