Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 521
- XML “Oighre na Coille Glaise”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Tá go maith" a mhich Righe Eireann," ar seisean ní bréag a rádh gur gaisgidheach thú agus thug órdú do'n cailín builín de'n arán donn, deoch de'n tríomhadh linn a thabhairt dhó ar a shuipéar, agus é a cur a codhladh i gcroiceann an tshean-capaill. Maidin lá ar na bhárach tháinig an t-oighre chuige agus dubhairt sé leis go raibh crainn ins an g-coill sin thios agus go raibh sé míle bliadhan d'aois agus go gcaithfeadh sé é thairraingt as na préamhaca lé neart a dhá láimh agus muna mbéadh sé istigh sa gclos aige um thráthnóna go mbainfeadh sé an ceann de. Síos leis go dtí an crann agus rinne sé iarracht é a tharrach acht nuair leag sé a lámh ar géag buailfeadh an géag go talamh agus bhí se i gcruadh-chás go meadhon lae nuair tháinig inghean an oighre amach mar ba ghnáthach leithí agus chuir sise snáth síoda timcheall ar bun an chrainn agus tharraing sí an crann as an dtalamh gan trioblóid ar bith. D'fág sí an snáth síoda ar an gcrann agus dubhairt leis an bprionnsa breith air nuair bhéadh sé dhá chur isteach sa gclos é agus go dtiocfaidh sé leis gan aon stoirim "Anois," ar sise, "ta do gheallamhaint curtha(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mártan Ó Chiaragáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ciaragáin
- Inscne
- Fireann