Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 519
- XML “Oighre na Coille Glaise”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis agus ar iompú boise bhí an stábla cómh glan le pálás. Fúair sí an snáthad ar an urlár agus thug sí dhó í. Chuaidh an inghean isteach go dtí an pálás arís acht d'fhan an prionnsa san áit a raibh sé go dtí am stopaidh um thráthnóna agus annsin chuaidh sé go a sheómra féin agus shuidh sé síos agus níor bhfhada dhó go dtáinig an t-oighre chuige agus d'fiafruigh sé dhé an bhfuair sé an t-snáthad agus dubhairt go bhfuair agus thug sé dhó í. "Ta go maith," a mhach Righe Éireann" ar seisean, "ní bréag a rádh gur gaisgidheach thú. Annsin dubhairt sé leis an g-cailín aríst builín de'n arán donn, deoch de'n tríomhadh linn a thabhairt dó i gcóir a shuipéar agus é a chur a chodhladh i g-croiceann an t-seanchapaill.
Maidin lae ar na bhárach dubhairt an t-oighre leis go raibh lochán ar chúl na coille agus gur chaill a seanmáthair fáinne óir ann trí céad bliadhan roimhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mártan Ó Chiaragáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ciaragáin
- Inscne
- Fireann