Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 511
- XML “Oighre na Coille Glaise”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar an bprionnsa mar bhí fhíos aige nach raibh lé fághail aige inéis sin acht cúig eile agus go mbéadh an céad punt gnóthuighthe aige. Acht go mí-ádhmhail dó ar an dara déanamh ní bhfuair sé acht díghadh na gcártaí agus fuair an stráinséar an cluice gan stad ar bith.
"Is liomsa an chluiche seo" ars an stráinshéar. "Is leat go ceart creasta" ars an bprionnsa, agus nuair dubhairt an prionnsa sin d'imthigh an stráinséar mar a tháinig é. Nuair tháinig an t-athair isteach leis an mbíadh dhó an oidhche sin d'innis an mac dó mar thárla agus ar seisean, "ní'l cead dhá oidhche a codhladh in aon teach na go bhfághaidh mé fios ar Oighre na Coille Glaise sa domhain thoir agus tá mé ag cheapadh go gcaithfeadh mé mo bhealach a throid go dtí an áit"
Dubhairt an t-athair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mártan Ó Chiaragáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ciaragáin
- Inscne
- Fireann