Scoil: Ceathrú Thaidhg

Suíomh:
Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Pádraig Mag Shamhráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 479

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 479

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
  2. XML Leathanach 479
  3. XML “Scéal Farraige - Taibhse”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oidhche amháin bhí daoine ag iascaireacht i bPort Turlainn agus bhí sé an-dorcha agus ní raibh fhios aca cá raibh siad ag dul.
    Chaith duine aca an eangach agus céárd a tharraing siad aníos ach páisde. Thóg siad isteach é agus d'fhág siad istigh sa gcurach é. Dubhairt an páisde leo é a leigint ar siubhal ach dubhairt siad nach leigfeadh. Annsin thosuigh an currach ag dul síos agus chaitheadar amach é.
    Tar éis sin bhíodar ag dul ó áit go h-áít sa bhfairrge. Cheap siad an páísde arí agus dubhairt sé leo go mbáhfadh sé iad muna leigfeadh siad amach é; agus ach ab é go dtainic faitchíos orra agus gur leig siad amach é bhádhfaidh iad an oidhche sin.

    Máire Ní Bhroin
    Ceathrú-na-gCloch
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. breith ar ainmhithe
          1. iascaireacht (~216)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Bhroin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Micheál Mac Craith
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Seoladh
    Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo