Scoil: Ceathrú Thaidhg
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádraig Mag Shamhráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 262
- XML “Ciste Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear go bhfuil císte óir i bhfolach faoi choirnéal theach Mhichil Uí Dhochartaigh i bPort-an-Chlumhaigh. Nil fhios ag innsightheoir an sgéil seo cé chur ann é, ach is docha gurb' iad na lochlannaigh no na "creachadoiri mara" a bhí ag creachadh na tíre fado a chur annsin é, mar tá an teach a bhfuil an t-ór faoi comhgarach do'n fhairrge.
Tá péiste an-mhór ag gárdáil an chíste deirtear, agus ní bhaithfidh uisge ar bith í ach uisge abhainne atá in a teorainn idir dhá Bhaile Fearainn. Tá an abhainn ata in a teorainn idir Port-an-Chlúmhaigh agus Ceathrú-na-gCloch timcheall sé chéad slat on áit a bhfuil an t-ór seo.
Seo é an chaoi a deirtear is féidir an t-ór seo fhágail. Caithfidh tú poll a chartughadh síos domhain sa talamh agus tiocfaidh tú go dtí leac mhór. Is annsin atá an pheiste ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Port an Chlóidh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Port an Chlóidh, Co. Mhaigh Eo