Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)

Suíomh:
Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
Múinteoirí:
Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 74

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 74

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
  2. XML Leathanach 74
  3. XML “Fear gan Chéill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beirt fhear agus sean-bhean ann fadó agus chuaidh fear aca chun an aonaigh agus d' fhan an fear eile agus an sean-bhean sa teach.
    Tháinig codladh ar an t-sean chailligh agus chuaidh sí taobh amuich de'n teach le sineadh faoin ngréin. Roimh dul a' chodhladh dí dubhairt sí leis an bhfear Bhí sa teach gan leigint do rud ar bith dul in a ghaobhar fhad is bhéadh sí ina codladh.
    Niorbh fhada go dtainic cuileóg agus gur luigh sí ar bhaithis na sean chaillighe agus cuimhnigh an fear bocht ar an gcupam bhí faoi. Rug sé greim ar ord agus tharraing sé a sean-bhuille ar an gcuileóig gur bhuail sé an chailleach i gclár a éadain gur shin sé í ina chorr.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Padhraic Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo