Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá amháin bhí fear thíos i ngar do'n bhfairrge agus chonaic sé an maighdean mhara ina suidhe ar charraic agus í ag cíoradh a cuid gruaige. Nuair a fuair sé a cúl tionntuigh' leis sciob sé leis an brat agus d'imthigh leis abhaile agus chuir sé i bhfolach sa gcruaich choirce é, acht ní raibh sé i bhfad sa teach nuair a thainic an mhaighdean mhara ag iarraidh an bhrait, acht b'éigin duithe fanacht annsin nó níorbh fhéidir léithe a fhágháil agus ní thiocfadh léithe imtheacht gan é.
Pósadh an bheirt acú annsin agus bhí triúr clainne acú, ach an lá seo bhí an fear imthigh' as an teach agus dubhairt na paistí léithe go raibh rud deas amuigh san gcruaich. Amach léithe agus céard a fuair sí ann acht an brat. Thug sí léithe an brat agus