Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé ina chomhnuidhe i gCeathrú na gCloch. Bhí sé ar an ail maidin amháin agus chonaic sé an mhaighdean mhara thíos ar charraic agus í ag cíoradh a cinn. Bhí fhios aige annsin nach raibh an cochall uirrí agus síos leis, thug leis an cochall, agus thug sé abhaile é. Annsin chuir sé i bhfolach é ins an gcruaich.
Chuaidh sé amach annsin agus síos leis ins an ail, agus tá fhios agat fhéin narbh fhéidir léithi imtheacht gan an cochall, agus bhí sí annsin, agus thug sé leis abhaile í agus phós sé í.
Annsin bhí clann acú agus nuair bhí siad measardha mór théigheadh siad amach le h-aghaidh móna agus lá amháin dubhairt sí leo: "má fhághann sibh rud deas ar bith ins a' gcruaich tabhair agam é." Dubhairt an fear ba shine léithi go bhfaca sé an t-athair ag cur rud deas eicínt isteach i sac agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Sírín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Taidhg
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo