Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)

Suíomh:
Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
Múinteoirí:
Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 208

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 208

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
  2. XML Leathanach 208
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí muilneoir ann uair amháin agus bhí sé an-shaidhbhir.

    Bhí muilneoir ann uair amháin agus bhí sé an-shaidhbhir. Bhíodh cuid mhór daoine ag teacht aige chuile lá le cáisce a mheilt agus ar an gcaoi sin bhí sé ag déanamh go leór airgid. Ar deireadh tháinic droch-am agus ní raibh duine ar bith ag teacht aige le grán. Bhí sé ana bhocht annsin.
    Maidin amháin d'éirigh sé an-mhóc agus shiubhal leis go dtí an abhainn an áit a raibh a mhuileann. Shuidh sé síos ar bhruach na h-abhainne le briseadh croidhe. Níorbh fhada go bhfaca sé an bhean ag teacht aníos as an uisce. D'éirigh sé le rith ar shiubhal ach ghlaodh an bhean air . Tháinic sé ar ais agus d'fhiafruig sí de céard a bhí air. D'innis sé dhuithe. Dubhairt sí annsin go gcuirfeadh sí an mhuileann ag imteacht "ar ais" agus go mbéadh neart gráin le meilt arís aige; "Ach caithfidh tú rud éigin a thabhairt dom" ar sí
    "Céard a bhéas tú ag iarraidh?" ars
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0316: The Nix of the Mill‑pond
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Ó Scanláin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo