Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1.
Tiocfaidh an samhraidh agus fásfaidh an féar,
Tiocfaidh na duilleabhair ar barra na gcraobh
Béidh drúchtaí troma ar bhárr an fhéir
Agus blas na meala ar do phoígín béil.
2.
Tá grádh ar mo grádh agam agus tuige nach mbéadh
Tá grádh agam ar canadh a béil
Tá grádh agam ar a muinntir a's ar a cháirde gaoil
A's tá grádh mór agam ar an talamh a shiublann sé.
3.
Thug mé grádh dhuit agus mé beag óg.
A's ní dho d'athair acht dhuitse a mhíle stóir,
Dho do chroidhe bhí fálta a's dho chanadh do bhéil,
A's nach i bfad ó bhaile a mheall tú mé.
4.Bhfuil fhios ag duine ar bith cá bhfuil mo ghrádh,
Dha phósadh le baintreabhaigh (baintrigh) a's ní 'fhillfidh sé arais go bráth.
Isí an roghain is roghain í ar na mná,
Agus an roghain is fearr liom bas le fágháil(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máíre Bean Uí Shírin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 43
- Seoladh
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo