Scoil: Poll an tSómais (uimhir rolla 16283)

Suíomh:
Poll an tSómais, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Proinnsias Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 545

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 545

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Poll an tSómais
  2. XML Leathanach 545
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí fear darbh ainm Tomás Ó Fíoráin ag iarraidh mná. Ní raibh aon leabaidh sa teach aige….

    Bhí fear darbh ainm Tomás O Fiónáin ag iarraidh mná. Ní raibh aon leabaidh sa teach aige agus thosuigh na daoine ag magadh faoi ag rádh nach bhfuighbheadh sé bean gan leaba.
    Chreid an duine bocht iad agus chuaidh sé amach agus bailligh sé bloncáin guísaigh as an bportach agus rinne sé leabaidh (ní leabaidh a bhí ann ach cnapán. Chum fear éicint aor faoi agus cuirtear síos go raibh an fear indhon gach rud a dhéanamh.
    Nach mór an stuaim 's an t-eolas
    Do fhear nach ndearna foghluim
    Ag déanamh cuird 's comhraí
    Agus "tells" le'n a lár
    Fuinneoga ar na "róite"
    Agus "shutters" a chur leobhtha
    Cásái gunnaí móra
    'S déanann clog na dtráth
    Driosúir a bheadh dóigheamhail
    "Watchanna" le comhaireamh
    Ballaí clocha a "chóipeál"
    Agus déanann an canál.
    Buachaill dathamhal dóigheamhail é
    'Sé'n gréasuidhe a chumfhadh an bhróg é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eoghan Ó Sírín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dún Ceartáin nó Gleann an Ghad, Co. Mhaigh Eo