Scoil: Poll an tSómais (uimhir rolla 16283)
- Suíomh:
- Poll an tSómais, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Proinnsias Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Poll an tSómais
- XML Leathanach 532
- XML “Cleamairí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Toghann siad caiptín chun iad do chur i dtreó, agus tugann sé uimhir de gach fear, agus de réir na huimhreacha a ghlaodhann sé, agus a labhrann sé leó i rith na hoidhche.
Athruigheann siad a gcaint, agus tugann siad aghaidh ar teach na bainfheise timcheall a deich a chlog.
Buaileann an caiptín ar an dorus, agus fiafhruigheann sé de fhear an tighe an bhfuil fáilte rómpa. Muna mbíonn rachaidh siad abhaile go socair suaimhneach, acht is anamh a thárluigheanns rud mar seo. Má bhíonn fáilte rómpa gheibheann siad cuireadh isteach, agus glantar an turlár dóbhtha agus seasann siad thart i bhfáinne sa gcisteanaigh.
Is é an céad rud a dhéanas siad an caiptin an bhean nuadh pósta do thógáil amach, agus dreas rínnce a bheith aca.
Annsin bíonn dreas gearr rínce ag gach duine sa dream leis na caillíní atá i láthair. An caiptín a ghlaodhanns ar fhearaibh dul amach agus a n uimhreacha a luadhann sé i gcomhnaidhe.(leanann ar an chéad leathanach eile)