Scoil: Poll an tSómais (uimhir rolla 16283)
- Suíomh:
- Poll an tSómais, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Proinnsias Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhíonns duine ag fághail bháis annseo fosgailtear an dorus iadtha comh maith leis an doras eile, chun spioraid an duine a leigint amach is docha, agus go díreach in éis bháis an duine stoptar an clog.
Na daoine a chuireann an corp os cionn cláir chaithfidh na daoine ceudna an téadach, agus na rudai eile a bhí ag feistiú na leapan a thabhairt annuas, agus cuirtear na bioráin, agus na tairaghidhe isteach sa chónrainn.
Tógtar amach an chónra, agus an ceann caol i dtoiseach, agus ceatharar den tsloineadh ceudna a thógas amach í, ma bhíonn a leithéid ar fághail ar chor ar bith.
Leagtar an chónra ar dhá stól taobh amuigh an dorus, agus craitheann duine uisce coisreactha ar na daoinibh a bhíonn baluighthe thart,(leanann ar an chéad leathanach eile)