Scoil: Poll an tSómais (uimhir rolla 16283)
- Suíomh:
- Poll an tSómais, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Proinnsias Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo é an t-ainm a tugtar ar ghalar a tigeann ar bhuaibh uaireannta. An bhó a bhíonn bualadh saighead uirri cailleann sí an bainne bíonn sí ar crith agus ní bhíonn fonn uirrí dada d'ithe.
Creideann na daoine gurbh amhlaidh a thigeann na daoine maithe ar an mbuin amuigh sa bpáirc, nó sa stabla. Agus go mbuaileann siad í le cloich áithrid a bhíonn aca féin.
Amanta má bhíonn an rath ar dhuine gheibheann siad cloch mar seo caithte in ait éigin. Nuair a bhíonn cuig cinn ag duine bíonn an leigheas aige.
Dar leis na daoinibh, seo é an leigheas braon uisce coisreactha a chur le braon maith fíor uisce i gcrúisgín, cúig cinn de na saighdeanna nó na clochaibh seo fhághail; píosa dhá scilling le cros air agus trí leith-phinghneacha agus iad(leanann ar an chéad leathanach eile)