Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port Urlainn
- XML Leathanach 239
- XML “Na Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuireann siad alán fataí thart annseo. An chéad rud a dhéanann siad ná an talamh a romhar nó a threabhadh. Annsin déanann siad iomairí agus cuireann siad na sgoilteáin ins na h-iomairí agus cuireann siad an marbhlán ortha. Sgoilteann an bhean na fataí. Aon fhata póír a gheibheann sí sgoilteann sí ina dhá chuid é agus bíonn an chuid go bhfuil an t-súil ann mar sgoilteán le dul sa talamh agus an t-sál mar lagán le tabhairt do na ba. Basluighean siad na fataí agus cuireann siad aoileach ortha sula dtigeann siad ós cionn talmhan agus nuair a bhíos na gais go h-árd lánuigheann siad iad. Annsin baineann siad an lagharnach asta agus spréaileann siad iad nuair a bhíos na díóga druidhte ag na gais. Baineann siad sa bhFóghmair iad nó i mí na Samhna. Piocann siad na fataí móra agus cuireann siad isteach i bpoll-fataí iad. Cuireann siad sgraithe ós a gcoinn agus cré agus bíonn siad ag(leanann ar an chéad leathanach eile)