Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl ach an dá theach sa mbaile seo Muinntir Baoighiligh agus Clann 'Ac Aindrias. Tá sé suidhte imeasg na sléíbhte ar an mbóthar ó Phorturlainn go Béal Dearg. Teach cionn-tuighe agus teach ceann-slinne atá ann. Níl aon sean duine ann agus ní rabh teach ann rompa seo le cuimhneadh na ndaoine. Fadó bhí teicín beag amháin ann ag fear arbh ainm do Murcadha. Fiaghadóir abhí ann agus duine ar bith a ghabhfad an bealach bhainfeadh an méid airgid abhí aige uaidh. Bhí croiceann faoleon (?) aige anuas ar a chloigeann agus cuirfeadh sé faitchios ar aon duine. Deirtear go rabh fios aige chomh maith agus nuair a bhíodh sé ag dul ag marbú duine go bhfiafruigheadh sé dhe cé'n uirlis abhí aige leis féin a chosaint 'gus annsin go mbainfeadh sé acfuinn na h-urilise sin ciste (?) le draoidheacht. Lá amháín(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Miceál Ó Buigheall
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leacht Mhurchaidh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Buigheall
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann