Scoil: Port Urlainn

Suíomh:
Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Liam Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 218

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 218

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Port Urlainn
  2. XML Leathanach 218
  3. XML “Laethanta Áirithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ní ceart gruaig a bhearradh na fuil a tarraingt Dé Luain. Nuair a bhíonn na daoine ag déanamh teach úr Dé h-Aoine a thoisigheann said dhá dhéanamh; agus nuair a bhíonn siad ag dul le comhnuidhe idteach úr Dé h-Aoine a théigheann siad ann. Ní ceart flainn (?) a deilbh Dé Céadaoin. Ní ceart gan fuil a tarraingt oidhche Fheil Mhártain. Sé Domhnach Cingcíse lá Crosta na Bliadhna. Ní ceart dul ag snámh an lá sin agus ní ceart dul sa leabaidh in do chodladh an lá sin mar má thárluigheann tada dhuit agus tú in do chodladh is mar sin a bheás tú i rith na bliadhna. Páiste a bhíonns beirthe an lá sin bíónn siad an-chrosta. Nuair abhíonn na daoine ag cur fataí fágann siad cuid diobh le h-aghaidh Aoine an Chéasta. Má thigeann Aoine an Chéasta go luath, sin é an lá a cuireann siad na fataí luatha. Ní maith
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge