Scoil: Port Urlainn

Suíomh:
Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Liam Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 172

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 172

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Port Urlainn
  2. XML Leathanach 172
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    7. Molt mór dubh teann istigh idir dhá ghleann. Nuair a bhogann an molt mór dubh teann bogann an dhá ghleann.
    Asal & Pardóga air.
    8. Cailleach sa chluid bior ina súil & í ag utamáil.
    Túirne
    9. Tá teach beag agam féin & ní shuidhfeadh an luch ann & ní comhaireóchadh abhfuil sa mbaile mór an méid fuinneóga atá ann.
    Méaracán
    10. Cén rud atá níos duibhe ná'n fiadhach dubh.
    A chuid clumhach féin
    11. Tobairín fior uisge ar fior bhárr an t-sléibhe
    Fuinneoigín gloine is doras cré air Súil.
    12. Cnap saille faoi bhun coille & gan aon easna ann
    Seilmide.
    13. Choinneóchainn i mo ghlaic é & ní sheasfadh sé ar chlár chómhra - Uibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge