Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)

Suíomh:
Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 258

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 258

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Droimslaod
  2. XML Leathanach 258
  3. XML “An Baile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Baile
    Dumha Fhrighil atá mé mo conndae ann, i bParráiste Baile Cruaidh. Bhí fear darbh ainm Frighil curtha insan dumhaigh agus uaidh sin a fuair sé a ainm.
    Tá fice teac ann anois acht bhí mó ann fado. Tá siad scaipte amac ón a chéile gac ceann ina feilm fhéin. Le deic bliadhain anuas rinneadh tighte nua cinn sglata agus níl aon teac cinn tuige ann anois.
    Tá seisear sean daoine ann anois agus is feidir leo sgéalta i mBéarla agus in Gaedilge a innseacht.
    Talamh domaise cuid de talamh Dumha Frighil agus tá talamh crefóga agus dumaigh ann chomh maith. Tá a lán loca beaga ann ins na portaigh acht sé Loc Craobh an ceann is mo.
    Loch Craobh
    Tobar a bhí san loc sin fado acht ar deireadh bhí sé chomh mór le loc. I 1934 bhí Coimisiun na Talmhan ag obair ar an loc. Rinn siad díog as chun an loc a triomiú acht tá uisge ann go foill. Bhuail taom tinneas an beirt fhear a romhar an fód deire a leig amac an t-uisge. Deirtear gur droc-rath a tháinig ortha mar gheall air sin.
    Dubhairt fear Dumha Frigle go bhfaca sé capall uisge ag dul isteac ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Prionsias Mac Manamon
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dumha Fhearaíl, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Mícheál Mac Manamon
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    71
    Seoladh
    Dumha Fhearaíl, Co. Mhaigh Eo