School: Droimslaod (roll number 9898)

Location:
Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 228

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 228

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Droimslaod
  2. XML Page 228
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Oíche Bhríde”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Fadó ó shoin bhí teine cnámh amuig ag muinntir Bún-mór i Baile Chruaich agus tharla go raibh págánach ag dul thart an oidhche ceadna agus chonnaic sé an teine agus chuaidh sé chomh fada leis.
    Bhí se ag cur iongantas ann agus nauir a bhí se ag téitheadh a lámh chonnaic sé an cnámh agus d’iarr sé tuige a raibh sé insan teine. Dubhairt siad gurbh shin é cnámh Sheáin a bhí ann in onóir dó.
    “An mbíonn cruinniú mar sin ag na feilte eile” arsa sé.
    “Bíonn” arsa na daoine leis.
    “Caitiliceach mise feasta” ar seisean. Chuaidh sé go dtí an sagart agus bhí sé in a Caitiliceach ba mhó in Éirinn.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Oidhche Bríghde
    Oidhche Bríghde téigheann an duine is óga sa teach amach agus tabhrann sé isteach luachair. Nuair a bhíonn sé ag teacht go dtí an doras deireann sé-
    Téighigidh ar bhur glúna
    Fosglaidh bhur súile
    Agus leig isteach Brighid.
    Freagruigheann na daoine istig é agus deireann siad
    “Sé beatha, Sé beatha, Se beatha”
    Téigheann sé isteach annsin agus fágann se an beart luachair ar an urlar. Déanann siad croiseanna annsin agus cuireann siad suas ar na ballai iad agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Bríde (~366)
    Language
    Irish
    Collector
    Róise Ní Thachair
    Gender
    Female
    Informant
    Bean Ui Tachair
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Age
    86
    Address
    Baile Chruaich, Co. Mhaigh Eo