Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)

Suíomh:
Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 216

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 216

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Droimslaod
  2. XML Leathanach 216
  3. XML “Tobar Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tobar Beannuighthe
    Tá dhá tobar beannuighthe ins an paróiste seo anois ceann acu i Bunmór agus ceann eile i gClaggan.
    Tobar Bunmór
    ‘Sí Naomh Caitrína an naomh Patrúin den tobar seo. Tá sé suidhte inaice le sruthán beag agus tá sean reilg ingardó. Tá carrgán cloc in aice leis. Déanann siad an staisiún ar an Satharn agus ar an 15adh Lughnasa. Bíonn sort pattern ann ar an 15adh Lugh.
    Leis an turas a dhéanamh:-
    (1) Baintear na bróga diobtha agus nightear na cosa agus eadan agus na lámha insan sruthán atá inaice leis an tobar.
    (2) Tógtar seacht méaróg as an sruthán.
    (3) Abair Ár n-Athair, seacht Fáilte an Aingil agus an Cré uair amháin mar buidheachas do Dia agus don Naomh an tsláinte a bheith agat leis an staisiún a dhéanamh.
    (4) Téigheann siad thart an tobair seacht n-uaire ag radh seacht Ár n-Athair, seacht Fáilte an Aingil agus seacht Glorias ar gac turn agus ag caiteadh méaróg ar leath-taobh.
    (5) Gabh síos ar do ghlúnaibh ós comhair an thobair agus abair Ar nAthair Fáilte an Aingil cuig uaire agus an Cré uair amháin.
    (6) Coisrigh tú féin le cloic agus póg é. Tá cloc mhór
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál O Cléirigh
    Inscne
    Fireann