Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 206
- XML “Arán”
- XML “Cácaí Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus bhíodh maide ag dul tríd agus bhíodh siad ag tabhairt thart sin go mbíodh an grán meilte.Dhéanadh siad bocstai comh maith. Nigheadh siad na fatai agus bhaineadh siad na craicne díobtha. Sgríobadh siad na fatai isteach i mbaisín. D’faisgeadh siad annsin é agus chuireadh siad fatai bruithte tríd agus bhacáileadh siad ar frioctán é.Déantar go foill é san áit seo agus uaireannta ní cuirtear na fatai bruitte ann acht tógtar amac cuid den sugh agus cuirtear bainne ann. Bíonn sé annsin ar nós pancóga, agus cuirtear síos ar frioctán agus im faoi.
- Cácai FataiUaireannta nuair a bíonns fágta taréis an dinnéir baineann siad na craicne díobh agus briseann siad go min le spuinóg mhór. Cuireann siad plúr agus salann tríd ansin agus measgann le chéile í. Déanann siad cáca de annsin agus gearrann siad ina ceithre piosa é.Uaireannta cuireann siad piosa ime agus carraways ann. Cuireann siad insan frioctán é le bruth.
- Bailitheoir
- Roise Ní Tachair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Ui Thachair
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann